Ach, a Thiarna na Slua, a scrúdaíonn le fírinne, a ransaíonn na háranna agus an croí, feicim do dhíoltas orthu mar is duitse a d'fhoilsigh mé mo chúis.
Seolfaidh mé an trian seo tríd an tine; glanfaidh mé iad mar a ghlantar airgead; promhfaidh mé iad mar a phromhtar ór. Glaofaidh siad ar m'ainm agus tabharfaidh mé freagra orthu. Déarfaidh mé leo: ‘Is iad seo mo phobal’; agus déarfaidh siadsan: ‘Is é an Tiarna ar nDia.’ ”
Suífidh sé síos mar athleádóir, agus mar ghlantóir airgid, agus glanfaidh sé clann mhac Léiví agus athleáfaidh sé iad mar ór nó mar airgead sa chaoi go mbeidh a dhíol d'íobróirí iontu ag an Tiarna.
Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.
d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.
A chairde cléibh, ná bíodh iontas oraibh nuair a chuirtear triail thine oraibh, le sibh a thástáil, amhail is go raibh rud éigin aisteach ag tarlú daoibh.