Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 11:2

An Bíobla Naofa 1981

Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha; táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang, á gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.

Déan maith, a Thiarna, do dhaoine fónta, agus do lucht an chroí dhírigh.

Déanaim mo ghearán go dian ina fhianaise; agus nochtaim m'anacra ina láthair.

Bíodh go mbeartóidís an t‑olc i do choinne nó go gceapfaidís an chealg, ní éireoidh leo,

Déanaigí lúcháir agus gairdeas sa Tiarna, a fhíréana uile. Déanaigí aoibhneas agus áthas a lucht an chroí dhírigh.

Tarraingíonn na héagráifigh an claíomh; 14b teannann siad an bogha a threascairt an duine ionraic. 14c a threascairt lucht an ghátair agus na mbocht.

Beidh eagla ar gach aon neach an uair sin, inseoidh siad a bhfuil déanta ag Dia, agus tuigfidh siad gníomhartha Dé.

Cuir deireadh le hurchóid na n‑éagráifeach agus daingnigh na fíréin; os tú a thriaileann croí agus áranna, a Dhia na fíréantachta.

Breitheamh ceart cóir é Dia, Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.

nó go mbéarfar breithiúnas de réir an chirt; agus go leanfaidh lucht an chroí dhírigh go léir é.

Tá solas á nochtadh don fhíréan, agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.

Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.

agus chuir siad a gcomhairle le chéile chun Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis.

Dúirt sé leis féin, “Sea, tabharfaidh mé dó í, agus beidh sí ina gaiste dó agus buailfidh lámh na bhFilistíneach é.” Dúirt Sól dá bhrí sin an dara huair le Dáiví: “Beidh tú i do chliamhain agam.”

Bhí a fhios ag Dáiví, ámh, go raibh urchóid á beartú ag Sól ina aghaidh agus dúirt sé le hAibíátár an sagart: “Tabhair an t‑éafód anseo.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí