Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 109:10

An Bíobla Naofa 1981

Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce; agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Go dtaga sí sa mhullach ar Ióáb agus ar theaghlach a athar go léir! Ná raibh teaghlach Ióáb choíche gan daoine le braon ar sileadh, nó le lobhra, nó gan ar a gcumas ach an choigeal a choinneáil, nó iad ag titim ar lár le faobhar claímh, nó ar an ngannchuid bia!”

Ach leanfaidh lobhra Námán díot féin agus de do shliocht go brách.” Agus d'imigh Géichizí óna láthair ina lobhar, chomh geal le sneachta.

Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh; Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.

“Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.

Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta, ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigean ná a shliocht ag iarraidh a gcoda.

Filleann siad gach tráthnona ar nós madraí ag sceamhaíl agus ag triall timpeall na cathrach;

Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí