Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost,
Is tú mo Dhia, gabhaim buíochas leat; móraim thú, a Dhia.
Le Dáiví. 1 Ortsa, a Thiarna, a screadaim, éist liom, a charraig. Mura n‑éisteann tú beidh mé mar dhuine a ghabhann síos san uaigh.
Amhrán. Salm Ásáf.
Ná bí i do thost, a Dhia; ná bí balbh, a Dhia; ná bí ciúin.
An Tiarna mo neart, mo dhán; eisean mo shlánú. Eisean mo Dhia, agus molfaidh mé é. Dia m'athar, agus móraim é!
“Le fada riamh bhí mé i mo thost, d'fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin... Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta, tá cneadach agus saothar anála orm.
Slánaigh mé a Thiarna, agus beidh mé slán go cinnte, sábháil mé agus beidh mé sábháilte, óir is tú amháin mo [dhóchas].
Eisean amháin atá le moladh agat; eisean do Dhia; ar do shonsa a rinne sé na nithe móra uafásacha seo a chonaic tú le do shúile cinn.