Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach asgus a chruit; músclóidh mé féin an maidneachan.
Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna i ngach uile áit dá bhfuil faoina réir. Beannaigh an Tiarna, a anam liom.
Gabhaigí buíochas leis an Tiarna ar an gcruit; déanaigí ceol dó ar an gcláirseach dheichthéadach.
Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
Maidir liomsa, cé gur daibhir dobrónach mé, déanfaidh do chúnamh mé a thógáil, a Dhia.
Canaimis go meidhreach do Dhia ár neart; tógaigí gártha gliondair do Dhia Iacóib.
Múscail, múscail, a Dheabórá, Múscail, múscail, agus abair amhrán. Éirigh, a Bhárác, agus bíodh misneach agat; Déan géibheannaigh de lucht do ghéibhnithe, A mhic Aibíonoam!