Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean; canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
Beidh mé ag canadh don Tiarna fad a mhairfidh mé; molfaidh mé mo Dhia fad is beo dom.
Le Dáiví. 1 A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí; óir d'éist tú le briathra mo bhéil. Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n‑aingeal;
Go gcana mo bhéal moladh an Tiarna agus go mbeannaí gach aon neach a ainm naofa; go brách agus go síoraí suthain.
Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m'anam; agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.
Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé,
[Salm de chuid] Dáiví nuair a lig sé air bheith as a mheabhair i bhfianaise Aibímeilic nuair a chuir seisean an ruaig air.
Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví. Amhrán.
Fógróidh mo bhéal d'fhíréantacht agus do chúnamh ó lá go chéile óir ní fios dom a líon ná a n‑áireamh.
Is lán mo bhéal de do mholadh agus de do ghlóir ar feadh an lae.
Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.