Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 104:3

An Bíobla Naofa 1981

thóg tú d'áras os cionn na díleann. Bíonn na néalta agat mar charbad ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

In airde ar cheirib leis agus d'eitil, agus bhí ar foluain ar sciatháin na gaoithe.

Má ghabhaim umam sciatháin na maidine, agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,

Molaigí é, a fhlaitheasa is airde, agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!

Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.

Ardaíonn sé a staighre suas chun na bhflaitheas, agus leagann a stua ar an talamh. Glaonn sé ar uiscí na farraige agus doirteann sé amach iad ar dhromchla na talún. Is é an Tiarna a ainm.

Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.

Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”

Níl aon neach mar Dhia, Isiriún; tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha; agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.

Féach, tá sé ag teacht ar néalta neimhe, agus feicfidh gach duine lena súile cinn é, fiú iad siúd a tholl é, agus beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní dá bharr. Abair é! Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí