Is cosúil mé le peileacán san fhásach, le hulchabhán i measc na bhfothracha.
Is bráthair don seacál mé, Agus comrádaí don ostrais.
Is foighní m'anam ag feitheamh leis an Tiarna, ná lucht faire leis an maidin. Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin,
A Dhia liom, a Dhia liom, cad chuige ar thréig tú mé? Is fada tú ó m'achainí agus ó bhriathra mo chneadaí.
Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim, agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.
Ligim osnadh is mé ag smaoineamh ar Dhia; ar mo mharana dom is lag liom mo mheanma. Selah