Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 102:27

An Bíobla Naofa 1981

Rachaidh siadsan ar ceal ach mairfidh tusa; rachaidh siad uile in aois mar bhall éadaigh. Malartaíonn tú iad ar nós éadaigh agus athraítear iad;

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta.

Óir níl míle bliain i d'fhianaise ach mar an lá a d'imigh tharainn inné, nó mar a bheadh faire na hoíche.

“Go deimhin ní thagann aon athrú ormsa, an Tiarna, riamh. Ach is sibhse clann mhac Iacóib i gcónaí!

Dúirt Íosa leo: “Amen, Amen, a deirim libh, sula raibh Abrahám ann, táimse ann.”

Ach is mar a chéile Íosa Críost inné agus inniu agus go brách.

Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.

“Mise an tAlfa agus an tÓimige,” a deir an Tiarna Dia, an té atá, a bhí agus atá le teacht, an tUilechumhachtach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí