Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.
Dúirt mé leo ansin: “Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.”
agus dúirt mé leis an rí: “Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?”
Seo, glaofaidh tú ar chiníocha nárbh aithin duit agus tiocfaidh ciníocha gan aithne ort chugat ina rith. Toisc an Tiarna, do Dhia, agus Neach Naofa Iosrael, ós é a chuir maise ort.
Ansin shéid an seachtú haingeal a thrumpa. Agus b'shiúd guthaí tréana sna flaithis á rá: “I lámh ár dTiarna agus a Chríost a tharla tiarnas an domhain agus rialóidh sé ar feadh na síoraíochta.”