D'éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n‑urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh.
An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála.
Le himeacht na fadaimsire sin tháinig an bás ar rí na hÉigipte; agus bhí clann Iosrael ag cneadaíl faoi chuing a ndaoirse agus scread siad ag iarraidh cabhrach agus tháinig a scread ó umar a ndaoirse i láthair Dé.
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
Chaitheadar uathu na déithe deoranta a bhí acu agus rinneadar fónamh don Tiarna, agus níorbh fhéidir dósan cur suas leis an ngéarleanúint ar Iosrael a thuilleadh.
“Um an dtaca seo amárach seolfaidh mé chugat fear ó thír Bhiniáimin, agus ní foláir duit é a ungadh ina thaoiseach ar mo phobal Iosrael. Déanfaidh sé mo phobal a fhuascailt ó chumhacht na bhFilistíneach; óir chonaic mé [anó] mo phobail mar tháinig a nglao chugam.”