Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.
Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra, a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,] amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin a dhíothú go danartha ina n‑uachais.
Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
Mar olc air, chuir ceannairí Sheicim dream in eadarnaí ar mhullach na sléibhte agus chreachaidís aon duine a ghabh an treo. Insíodh é sin d'Aibímeilic.
Ansin dúirt an rí le Doéig: “Ar aghaidh leat agus imir faobhar ar na sagairt.” Agus ar aghaidh le Doéig an tEadómach agus d'imir sé faobhar ar na sagairt, agus mharaigh sé cúigear agus ceithre fichid díobh siúd a chaith an t‑éafód lín an lá sin.
Faighigí faisnéis bheacht ar na háiteanna folaigh go léir ina dtéann sé i bhfolach, agus filligí orm nuair a bheidh sibh cinnte. Rachaidh mé chugaibh ansin agus má bhíonn sé sa dúiche, rachaidh mé sa tóir air ar fud finí uile Iúdá.”