Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 10:12

An Bíobla Naofa 1981

Éirigh, a Thiarna! Tóg do lámh, a Dhia! agus ná déan dearmad ar lucht na hainnise.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

Éirigh ina n‑aghaidh, á dtreascairt, a Thiarna; saor m'anam ón éagráifeach le faobhar do chlaímh.

Taispeáin dom do bhuanghrá ró-iontach, a Thiarna, a shaorann a dtriallann ort le neart do dheasláimhe.

Ní eagal liom na mílte daoine atá cruinnithe do gach leith i mo thimpeall.

go leana mo namhaid mé is go mbeire sé orm, go ngabha sé de chosa i m'anam, is go leaga sé m'oineach sa luaithreach.

Ná tabhair anam do choilm don bhadhbh, a Thiarna; ná déan dearmad go deo ar anam na mbocht.

An bhfuil deireadh go deo lena ghrá dúinn; an bhfuil a ghealltanas gan bhrí go brách?

Canaigí don Tiarna a bhfuil cónaí air i Síón: foilsígí a éachtaí do na náisiúin;

Óir chuimhnigh an díoltasaí fola orthu, ní dhearna dearmad ar éamh na mbocht.

Óir ní dhéanfar dearmad de lucht an ghátair i gcónaí; ní go deo a rachaidh dóchas na mbocht in éag.

Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh; tabhair a ndíol do lucht an díomais.

A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.

“Anois,” arsa an Tiarna, “táimse ag éirí, anois éireoidh mé i mo sheasamh, anois ardóidh mé mé féin.

An lá sin - a deir an Tiarna - dísceoidh mé na capaill atá agat agus scriosfaidh mé do chuid carbad.

Ghlaoigh Samsón ar an Tiarna agus dúirt: “A Thiarna Dia, cuimhnigh orm, impím ort; tabhair neart dom arís an uair seo amháin, a Dhia, d'fhonn go ndéanfaí díoltas ar na Filistínigh ar son cinn de mo dhá shúil.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí