Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Salm 10:1

An Bíobla Naofa 1981

Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm?

Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air; Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.

D'fhan sé socair gan aon duine a dhaoradh; Nuair a cheileann sé a aghaidh, cé ar féidir dó é a fheiceáil?” Ach bíonn trócaire aige ar náisiún agus ar dhaoine,

Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Eilit na Maidine”. Salm le Dáiví.

ná folaigh d'aghaidh orm. Ná cuir do ghiolla uait i bhfeirg; is tú mo chúnamh. Ná teilg uait mé is ná tréig mé: a Dhia mo shlánaithe!

Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne: “Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.”

Múscail! Cad é an codladh sin ort, a Thiarna? Bí i do dhúiseacht! ná diúltaigh dúinn de shíor!

Cén fáth a gceileann tú do ghnúis orainn agus nach cuimhin leat ár n‑ainnise is ár n‑ansmacht?

Do stiúrthóir an chóir. [Salm] chlann Chorach. Leis an bhfonn “Na Maighdeana...” Amhrán.

Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna, is chugat a thagann m'urnaí ar maidin.

Ó a Thiarna, a dhóchais Iosrael, a shlánaitheoir in am an anó, cad chuige ar cosúil le strainséir thú sa tír seo, mar a bheadh taistealaí ann nach bhfanann ach aon oíche?

Cad chuige ar cosúil thú le duine ar mearbhall, mar a bheadh laoch ann nach bhfuil cabhair ar a acmhainn? Ina dhiaidh sin, a Thiarna, tá tusa inár measc, gairtear d'ainmse orainn. Ná tréig sinn!




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí