Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d'Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort!
Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d'éirigh leis.
Thug a lán daoine tabhartais chun an Tiarna in Iarúsailéim, agus bronntanais do Hiziciá rí Iúdá; tar éis ar tharla, bhí ardmheas ar Hiziciá i measc na náisiún go léir.
Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.
Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.
Is cosúil é le crann atá lámh le huisce, agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth; ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill, mar fanann a dhuilliúr glas; ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta, mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.
Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t‑uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”
Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin, nó luibhghoirt ar insí abhann, nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna, nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!
agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann fígí ar an mball.
Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”
Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;
Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoradh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.