Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: “Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón;
“Cuir uait, a thiarna,” ar sé, “agus éist liom. Bronnaim an fearann ort agus an uaimh atá ann; tugaim in aisce duit é i bhfianaise chlann mo mhuintire. Déan do mharbh a adhlacadh.”
Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.
mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d'fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.”