Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Rut 4:3

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt sé leis an bhfear gaoil: “Náoimí, an bhean a d'fhill ar ais ó thír Mhóáb, tá sí ag díol an phaiste talún a bhí ag Eilímeilic ár ngaol.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach.

Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.

Féach, tiocfaidh Hanamael mac Shealúm deartháir d'athar chugat agus déarfaidh: Ceannaigh duit féin mo gharraí in Anatót, óir is leat ceart a fhuascailte ar phraghas.

Má luíonn an bochtanas ar do dheartháir agus go gcaitheann sé a oidhreacht a dhíol, tagadh an gaol is gaire dó chuige agus déanadh sé a mbíonn díolta ag a dheartháir a fhuascailt.

Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí