Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Rut 4:17

An Bíobla Naofa 1981

Agus thug mná na comharsanachta ainm air. “Saolaíodh mac do Náoimí,” a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Agus thóg Náoimí an leanbh agus chuir ina hucht é, agus bhí ina buime aige.

Seo iad sliocht Pheiriz: ghin Peiriz Heazrón;

ghin Óbaed Ieise, agus ghin Ieise Dáiví.

Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”

Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí