Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Rut 4:13

An Bíobla Naofa 1981

Thóg Boaz Rút leis mar sin agus bhí sí mar bhean aige. Agus nuair a luigh siad le chéile, bhronn an Tiarna gin uirthi, agus rug sí mac.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ansin, ar achainí Abrahám leigheas Dia Aibímeilic agus a bhean agus a dhaoir mná i dtreo gur rugadh clann dóibh.

Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.

Chonaic an Tiarna go raibh faillí á déanamh ar Léá, agus d'oscail sé a broinn, ach d'fhan Ráchael aimrid.

Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: “An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.”

Ar ardú a shúl do Éasau, chonaic sé na mná agus na miondaoine. “Cé hiad seo i do theannta?” ar sé. “An chlann a bhronn Dia ar do shearbhónta,” arsa Iacób.

Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh; go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.

Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú.

Agus go raibh do theaghlach mar theaghlach Pheiriz (a rug Támár do Iúdá) de bharr na clainne a thabharfaidh an Tiarna duit ón mbean óg seo.”

Seo é an leanbh á bhí a iarraidh agam, agus dheonaigh an Tiarna dom an rud a d'iarr mé air.

Reic an sách é féin ar arán, Ach tá cothú maith arís ar an seang. Tá seachtar clainne ag an aimrid, Ach tá máthair an áil mhóir tréigthe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí