Rut 3:9An Bíobla Naofa 1981Dúirt sé léi: “Cé hí thú féin?” D'fhreagair sí: “Mise Rút do bhanseirbhíseach. Leath beann do bhrait ar do bhanseirbhíseach, óir tá ceart fuascailte agat orm.” Féach an chaibidil |
Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.” Dúirt sé: “Táim sásta é a fhuascailt.”