Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.
D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;
Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.”