Rut 2:20An Bíobla Naofa 1981Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.” Féach an chaibidil |
Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.” Dúirt sé: “Táim sásta é a fhuascailt.”