Thug sí léi é agus d'imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é.
Ach má tá clann nó clann chlainne ag baintreach, tuigidís sin gurb é céad dualgas atá orthu cuidiú lena dteaghlach féin agus cúiteamh a dhéanamh lena dtuismitheoirí, mar gurb áil le Dia é sin.
Am dinnéir dúirt Boaz léi: “Tar agus ith smut den arán seo agus tum do ghreim san fhíon.” Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agus d'ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici.