Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Rut 2:16

An Bíobla Naofa 1981

Agus tarraingígí roinnt diasa as na punanna agus fágaigí ansiúd roimpi iad le bailiú agus ná bígí á ceartú.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.

An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.

Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’

ag tabhairt riar a gcáis do na naoimh, agus ag cleachtadh na féile.

Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.

Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.

Ansin d'éirigh sí arís chun díolama agus thug Boaz ordú dá ghiollaí: “Ligigí di díolaim i measc na bpunann féin agus ná cuirigí isteach uirthi.

Rinne sí díolaim mar sin sa ghort go tráthnóna. Ansin rinne sí a cnuasach a bhualadh agus bhí timpeall éafá eorna ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí