Nuair a bhainfidh sibh fómhar bhur bfearainn, ná bainigí go ceann fearainn ar fad é, agus ná cnuasaigí na diasa tar éis an fhómhair. Fágaigí ag an mbochtán agus ag an deoraí iad. Mise an Tiarna bhur nDia.”
Am dinnéir dúirt Boaz léi: “Tar agus ith smut den arán seo agus tum do ghreim san fhíon.” Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agus d'ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici.