Thug sé iad i lámha na nGibeónach agus chroch siadsan iad ar an sliabh os comhair an Tiarna. Ídíodh an seachtar acu le chéile. Cuireadh chun báis iad i gcéad laethanta an fhómhair, i dtus fhómhar na heorna.
“Labhair le clann Iosrael agus abair leo: Nuair a théann sibh isteach sa tír atá á thabhairt agam daoibh, agus a fhómhar a bhaint, tugaigí céadphunann bhur bhfómhair go dtí an sagart.
D'fhan sí le meitheal Bhoaz dá bhrí sin ag díolaim go dtí go raibh an clabhsúr acu ar fhómhar na heorna agus na cruithneachta. Bhí sí ag cur fúithi le máthair a céile.