Fód do bháis, fód mo bháis-sé, agus láthair m'adhlactha. Go ndéana an Tiarna seo agus siúd liom, agus a thuilleadh fós, dá scarfadh fiú an bás ó chéile sinn!”
D'fhreagair Iotaí an rí: “Dar an Tiarna beo, agus dar anam mo thiarna an rí, cibé áit ina mbeidh mo thiarna an rí, más beo, más marbh dó, is ann a bheidh do shearbhónta chomh maith.”
Bhí an pobal go léir ag iarraidh a áiteamh ar Dháiví bia a chaitheamh agus é fós ina lá, ach thug Dáiví mionn á rá: “Go ndéana Dia a leithéid seo agus a thuilleadh fós liom má bhlaisim arán nó aon rud eile go rachaidh an ghrian faoi!”
Go ndéana Dia a leithéid seo le hAibnéar, agus a thuilleadh de bhreis air, mura gcuire mé i gcrích do Dháiví gach ar mhionnaigh an Tiarna a dhéanfadh sé dhó -
Nuair a bhí sé curtha aige dúirt sé lena chlann mhac: “Nuair a gheobhaidh mé bás, cuirigí mé san uaigh ina bhfuil an giolla Dé curtha. Sínigí mo chnámha taobh lena chnámhasan.
chuir Ízeibil teachtaireacht go hÉilias a rá: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd sa bhreis liom mura mbíonn an íde chéanna tugtha agam ar d'anamsa agus a tugadh ar anam duine acu um an dtaca seo amárach!”
Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!
Ansin chuir Bein Hadad an teachtaireacht seo chuige: “Go ndéana na déithe a leithéid seo agus a leithéid siúd liom má bhíonn a dhóthain luaithrigh sa tSamáir le go bhfaigheadh gach duine de mo lucht leanúna lán doirn de.”
Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.
Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”
Ach d'fhreagair Rút: “Ná bí ag tathant orm imeacht uait agus filleadh gan a bheith feasta i do chuideachta: óir cibé áit a rachaidh tusa, is ann a rachaidh mise, agus cibé áit a mbainfidh tusa fút, is ann a bhainfidh mise fúm; siad do mhuintirse is muintir domsa, agus is é do Dhia is Dia domsa.
Tabharfaidh an leanbh misneach duit agus beidh sé mar theannta agat i do sheanaois, óir is í bean do mhic a rug é, an té ar mo é do ghrá di na do sheachtar mac.”
ansin go ndéana an Tiarna a leithéid seo le Iónátán - agus a thuilleadh fós. Má bheartaíonn m'athair urchóid a dhéanamh duit, cuirfidh mé é sin in iúl duit agus seolfaidh mé chun siúil thú agus éalóidh tú gan díobháil, agus go raibh an Tiarna leat mar a bhíodh le m'athair.
“Cén teachtaireacht a thug sé duit?” arsa Éilí, “ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.”