Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d'fhág gach duine díobh an baile - Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát - rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do.
Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna atá socair aige in éadan Eadóm, an plean atá beartaithe aige in éadan áitritheoirí Théamán: Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad, ar a fheiceáil sin dóibh, beidh a dtréad ar ballchrith.
Seo é an té a bhíonn ag eitilt agus ag foluain ar nós iolair, a leathnóidh a sciatháin os cionn Bhozrá. Agus beidh croí fhir chogaidh Eadóm an lá sin mar a bheadh croí mná i dtinneas clainne.”
I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna: “An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán? Ar imigh a chomhairle ón [nglic]? An ndeachaigh a eagna ar neamhní?
dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Sínfidh mé mo lámh amach in éadan Eadóm agus coscróidh mé idir dhuine agus bheithíoch. Bánóidh mé an tír; titfidh fir leis an gclaíomh ó Théamán go Déadán.
“Dá dtiocfadh robálaithe chugat nó sladairí san oíche - cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! - nár leor mar shlad acu a ndóthain féin? Dá dtiocfadh lucht bainte caor, nach bhfágfaidís caora díolama?
Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas.