“Dá dtiocfadh robálaithe chugat nó sladairí san oíche - cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! - nár leor mar shlad acu a ndóthain féin? Dá dtiocfadh lucht bainte caor, nach bhfágfaidís caora díolama?
Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha, a sholas na solas agus a mhic na maidine! Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú, tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!
Níl fágtha ach an cnuasach; amhail nuair a bhuailtear crann olóige, a dó nó a trí de chaora fágtha ar a bharr, a ceathair nó a cúig ar ghéaga an chrainn. Briathar an Tiarna, Dia Iosrael.
Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad, i gcás na gciníocha uile, mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu, mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.
Céard seo! Cé mar a briseadh i smidiríní ord buailte sin na talún uile? Céard seo! Cé mar a d'éirigh sé don Bhablóin a bheith ina huafás i measc na náisiún?
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: “Deasc fuíoll Iosrael, deasc é mar a dhéanfá le fíniúin; mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor, cuir do lámh arís sna craobhacha.”
Ochón! An chathair a bhíodh plúchta le daoine, maireann sí léi féin ar an uaigneas; is cosúil le baintreach anois í siúd ar mhór ab fhiú í i measc na náisiún; banphrionsa i measc na gcúigí ab ea í ach is daorstát í faoi láthair.
Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.
An í seo an chathair lúcháireach a mhaireadh go slán sábháilte agus a deireadh ina croí istigh: “Táimse ann agus níl mo chomh-mhaith ar fáil”? Cad é mar a rinneadh fothrach di agus brocach beithíoch! Gach uile dhuine a ghabhann thairsti déanann siad faíreach agus bagraíonn siad a ndoirne.
agus iad ina seasamh i bhfad amach uaithi le heagla a peannaide, déarfaidh siad: “Is mairg duit, is mairg a chathair mhór, a Bhablóin, a chathair thréan, óir in aon uair amháin tháinig an bhreith ort.”