D'aimsigh mo lámh, mar i nead a bheadh sé, saibhreas na gciníocha. Mar a thógfá uibheacha a tréigeadh, bhailigh mé chugam an talamh ar fad, agus níor greadadh sciathán, níor osclaíodh gob, níor chualathas gíog.”
Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.
Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe, nó dá neartódh sí a dúnfort buacach, ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóirí ar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.