Chuir uaill do chroí ar seachrán thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat, a deir i do chroí: ‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’
Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.
Ghabh fir Iúdá deich míle díobh ina mbeatha agus rug iad go léir go barr na carraige agus chaitheadar thar faobhar na faille iad agus rinneadh smidiríní díobh go léir.
Is libhse a dhéanaim achrann, libhse a d'imigh chun cónaithe ag Carraig an Réitigh - an Tiarna a labhraíonn - libhse a deir: Cé bhéarfadh fogha fúinne agus a dhéanfadh a bhealach isteach inár ndaingean?
Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.
Ba é do thrádáil ghnóthach a líon le foréigean agus le peaca thú. Chaith mé síos thú mar rud truaillithe ó shliabh Dé; theilg an ceiribín coimhdeachta amach thú as lár na n‑aibhleog te.
Má deir Eadóm: “Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,” is é a deir Tiarna na Slua: “Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ‘Dúiche an oilc’ agus ‘An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor’.”