Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Obaidiá 1:20

An Bíobla Naofa 1981

Deoraithe an airm seo, clann Iosrael, beidh seilbh acu ar Fhéinícia, chomh fada le Zárafat. Na deoraithe ó Iarúsailéim, atá in Safárat, beidh seilbh acu ar bhailte an Neigib.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Tá bailte an Neigib druidte suas, gan tarrtháil i ndán dóibh ó aon duine. Rugadh Iúdá uile ar shiúl, tógadh gach aon duine i mbraighdeanas.

Sna laethanta sin aontófar teach Iúdá le teach Iosrael; tiocfaidh siad in éineacht as tír an Tuaiscirt go dtí an dúiche a thug mise ina oidhreacht do bhur n‑aithreacha.

Ceannóidh daoine garraithe ar airgead, déanfaidh siad amach cuntais, cuirfidh séala orthu agus glaofaidh ar fhinnéithe i dtír Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim, i mbailte Iúdá agus na sléibhte, sna hísleáin agus sa Neigib. Óir cuirfidh mé ar bun arís iad - is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

I mbailte uile na nArdán, ar an Achréidh agus sa Neigib, i ndúiche Bhiniáimin, sna ceantair timpeall Iarúsailéim agus i mbailte Iúdá, imeoidh na tréada arís faoi lámha an té a áiríonn iad. Fógraíonn an Tiarna é.

más ea, teilgim uaim sliocht Iacóib agus Dháiví mo shearbhónta agus ní thoghfaidh mé aon rialtóir dá shliocht le bheith ina rí ar oidhrí Abrahám, Íosác agus Iacóib! Óir cuirfidh mé an rath arís orthu agus glacfaidh mé trua dóibh.’ ”

A bhuí liomsa siúlfaidh daoine, mo mhuintir Iosrael oraibh arís; rachaidh siad i seilbh oraibh mar a n‑oidhreacht, agus ní dhéanfaidh sibh slad ar a bpáistí choíche arís.

agus ní chun aon duine acu a cuireadh Éilias ach chun mná baintrí i Saireipte i dtír na Síodóine.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí