Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Obaidiá 1:2

An Bíobla Naofa 1981

“Déanfaidh mé beag thú, féach, i measc na náisiún; beidh tarcaisne ort ag daoine.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Is é Tiarna na Slua a bheartaigh, chun díomas a scéimhe a ísliú, chun toicithe na talún a chaitheamh síos.

Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún, tarcaisneach i measc daoine.

Beidh sí ar an ríocht is uirísle dá mbeidh ann agus ní bheidh smacht aici níos mó ar na ciníocha eile. Laghdóidh mé í ionas nach mbeidh sí arís i gceannas ar na ciníocha.

Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.

Cuirtear Eadóm as seilbh, agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad, agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí