An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú.
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Ghazá, In éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar an bpionós. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm,
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca na Tuíre, in éiric a ceithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíbir siad cine iomlán mar bhránna go hEadóm agus nár chuimhin leo conradh na mbráithre,
Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.