Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: “Is gearr uainn an lá ina mbeidh m'athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.”
Is mar seo a deir an Tiarna: “Maidir leis na drochchomharsana agam uile, a thóg i láimh an oidhreacht a bhronn mise ar mo phobal Iosrael, tarraingeoidh mé as a ndúichí anois iad. (Ach tarraingeoidh mé teach Iosrael as a lámha.)
Luímis síos inár náire, agus folaíodh ár n‑easonóir sinn, óir pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia (sinn féin agus ár n‑aithreacha ónár n‑óige go dtí inniu; agus níor éisteamar le guth an Tiarna ár nDia).”
Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”
Déan áthas agus gairdeas, a iníon Eadóm, tusa, a chónaíonn i dtír Úz; sínfear an cupán chugatsa chomh maith; beidh tú ar meisce agus caithfidh tú díot anuas.
Tá do phionósú curtha ar ceal, a iníon Shíón; ní dhíbreoidh sé thar tír amach thú choíche arís; ach smachtóidh sé thusa, a iníon Eadóm, de dheasca d'urchóide agus nochtfaidh sé do chuid peacaí.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,
Feicfidh mo namhaid é seo agus déanfar ceap magaidh den té a dúirt liomsa: “Cá bhfuil do Dhia?” Bainfidh mé lán na súl aisti; gabhfar de chosa inti anois mar lathach na sráideanna.