Nihimiá 9:26An Bíobla Naofa 1981Ach bhíodar easumhal duit agus rinne siad ceannairc i d'aghaidh; Thug siad droim leis an dlí; Mharaigh siad d'fháithe a thugadh rabhadh dóibh, Le hiad a iompú ar ais ortsa, (Agus thug siad diamhaslaí móra). Féach an chaibidil |
Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí; Ach bhorr an t‑uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d'aitheanta; Pheacaigh siad in aghaidh d'orduithe, Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta; Chroith siad a nguaillí go stuacach, Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad.
Ach d'éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí. “Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach.