Thug tú dóibh ríochtaí agus pobail, Agus bhronn tú gach feorann orthu; Ghabh siad seilbh ar chríocha Shíochon rí Heisbeon, Agus ar chríocha Óg rí Bháiseán.
Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.
Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.
Nuair a thug mé isteach iad sa tír a mhionnaigh mé a thabhairt dóibh, d'ofrálaidís a n‑íobairtí agus a mbronntanais bhearránacha, aon áit a bhfeicidís cnoc ard nó crann duilleach. Ansin mar an gcéanna a scaoilidís a mboladh cumhra agus a dhoirtidís a ndeochanna ofrála.
agus iad lastall den Iordáin sa ghleann láimh le Béit Peór i bhfearann Síochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon; bhris Maois agus clann Iosrael airsean ar theacht as an Éigipt dóibh,
D'fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael.
Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.