Le barr trócaire ní dhearna tú iad a thréigean san fhásach; An colún néil a threoraigh iad sa lá Níor fhág sé iad, Ná an colún tine san oíche, Leis an mbealach a bhí rompu a shoilsiú dóibh.
Cuir do bhuanghrá in iúl dom ar maidin, óir is ionat a chuirim mo dhóchas. Tabhair dom eolas na slí atá le triall agam, óir is chugatsa a thógaim m'anam.
An lá sin mhionnaigh mé dóibh go dtabharfainn liom iad as tír na hÉigipte go tír a cheap mé féin dóibh, tír a bhfuil bainne agus mil ina slaoda inti, tír a sháraíonn tíortha an domhain.
Nuair nach luíodh an néal ach thar oíche go maidin, chuiridís chun siúil nuair a d'ardaíodh sé lá arna mhárach. Nó, nuair a d'fhanadh sé lá agus oíche iomlán, ní bhogaidís go dtí go n‑ardaíodh sé.