Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.
Ar an tríú lá fichead den seachtú mí chuir sé an pobal uaidh abhaile, agus iad faoi lúcháir agus áthas croí de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví, do Sholamh agus d'Iosrael a phobal.
D'fhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, d'fhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n‑iarrfaimis air go n‑éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin.
Thug Eazrá an sagart leabhar an dlí amach go dtí an comhthionól d'fhir agus de mhná agus de dhaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint. An chéad lá den seachtú mí a bhí ann.
Nuair a chonaic siad uathu é níor aithníodar é; chromadar ar chaoineadh in ard a gcinn, stróic siad a n‑éidí agus chaith luaithreach ar a mbaithis (i dtreo neimhe).
Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sin chun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach, chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.
Ar an gcúigiú lá déag den seachtú mí, nuair a bheidh torthaí na talún cnuasaithe agaibh, déanaigí féile an Tiarna a cheiliúradh ar feadh seacht lá. Bíodh an chéad lá agus an t‑ochtú lá ina lánsaoire.
Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.
Ansin ghabh clann Iosrael go léir, an t‑arm ar fad, suas go Béitéil agus rinneadar olagón. Shuíodar ansiúd i bhfianaise an Tiarna agus rinneadar troscadh ar feadh an lae go léir go tráthnóna agus d'ofráladar íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach i bhfianaise an Tiarna.
Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d'fhógair siad: “Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.” Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.