Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Nihimiá 8:4

An Bíobla Naofa 1981

Agus bhí Eazrá an scríobhaí ina sheasamh ar ardán adhmaid a tógadh le haghaidh na hócáide. Taobh leis, ar a dheis, sheas Maititiá, Seama, Anáiá, Úiríá, Hilcíá agus Másaeiá; agus ar a chlé Padáiá, Míseáéil, Mailcíveá, Háisium, Haisbeadáná, Zacairiá agus Misiulám.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Bhí léibheann cré-umha déanta ag Solamh agus é leagtha i lár na cúirte aige; bhí sé cúig bhanlámh ar fhad, cúig bhanlárnh ar leithead, trí bhanlámh ar airde, agus leag sé sa chúirt é; agus ghabh sé in airde air; ansin chuaigh sé ar a ghlúine i láthair chomhthionól Iosrael go léir agus shín sé a lámha i dtreo na bhflaitheas

[ar chlann Bhigví]: Misiulám, Malúc, Iadáiá, Iáisiúb, Seál agus Iréamót;

ar chlann mhac Háisiúm: Matanaí, Matatá, Zábád, Eilífilit, Iréama, Manaise agus Simeí;

Átaer, Hiziciá, Azúr,

Háiríf, Anatót, Naebái,

Halóichéis, Pilcheá, Seobaec,

Saráiá, Azairiá, Irimia,

Dainéil, Gineatón, Bárúc,

Másaeiá, mac Bhárúc, mac Chol Hoize, mac Hazáiá, mac Adáiá, mac Ióiáiríb, mac Zacairiá, de shliocht Shéalá.

Seo iad sliocht Bhiniáimin: Salu mac Mhisiulám, mac Ióéid, mac Phadáiá, mac Chóláiá, mac Mhásaeiá, mac Ítíéil, mac Isiá,

Le linn Ióiácaím ba iad seo cinn finí na sagart: fine Sharáiá, Maráiá; fine Irimia, Hanainiá;

Agus ansin sa chearnóg os comhair Gheata an Uisce léigh sé giotaí as i láthair na bhfear agus na ndaoine óga a d'fhéadfadh é a thuiscint ó mhaidin go dtí meán lae. D'éist na daoine go léir go haireach le leabhar an dlí.

Agus d'oscail Eazrá an leabhar i radharc an phobail uile mar bhí sé in airde os a gcionn go léir. Agus nuair a d'oscail sé é, d'éirigh an pobal go léir ina seasamh.

Bhí cách ina seasamh i láthair chuí agus bhíodar ag léamh sleachta as leabhar dhlí an Tiarna a nDia ar feadh ceathrún den lá; bhíodar ag admháil a bpeacaí ar feadh ceathrún eile den lá, agus ag adhradh an Tiarna a nDia.

Bhí Iéisiúa Bionúi, Caidmíéil, Seabainiá, Búiní, Séiribiá, Báiní agus Canáiní ag glaoch os ard chuig an Tiarna a nDia;

“Tá na scríobhaithe agus na Fairisínigh ina suí i gcathaoir Mhaois,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí