Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh.
Seo iad ceannairí an chúige a chuir fúthu in Iarúsailéim agus a chuir fúthu i mbailte Iúdá. Clann Iosrael, na sagairt, na Léivítigh, na tíolacthaigh, agus clann mhac dhaoir Sholaimh, cuir siad fúthu ar an gcuma sin ina mbailte cuí, gach duine ina shealúchas féin.
Dúirt an rí liom mar sin: “Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.” Tháinig eagla mhór orm ansin
Seo iad muintir an chúige a d'fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d'fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.
Sin mar a bhí a n‑aghaidheanna. Bhí a sciatháin spréite suas; dhá sciathán ag gach ainmhí a theagmhaigh lena chéile agus dhá sciathán a chlúdaigh a chorp.
Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gcéad lá den séú mi, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, mar a leanas: