Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adón, Iméir - ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:
Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.