Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.
Dúirt [mé] leo: “Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.”
Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d'fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D'aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d'fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:
Agus beidh tú ag tógáil arís ar na fothracha ársa agus ag foirgniú ar dhúshraith na seanaimsire. Tabharfar ort fear líonta na bearna, fear cóirithe na n‑áitreabh scriosta.