Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Nihimiá 6:18

An Bíobla Naofa 1981

mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Clann mhac Hanainiá; Palaitiá, Íseáia a mhacsan; Rafáiá a mhacsan, Arnán a mhacsan, Obaidiá a mhacsan, Seacainiá a mhacsan.

clann mhac Árach, seacht gcéad seachtó a cúig;

Taobh [leis-sean] rinne Hanainiá mac Sheilimiá agus Hánún séú mac Záláf stráice eile a dheisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá deisiú ar aghaidh a áit chónaithe;

Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú;

I rith an ama chéanna seo bhí a lán de mhaithe Iúdá ag cur litreacha go tiubh go Tóibíá, agus bhí litreacha óThóibíá ag teacht chucu;

Bhídís fiú ag maíomh a dhea-ghníomhartha os mo chomhair féin, agus chuiridís tuairisc ar mo chuid cainte ar ais chuige. Agus lean Tóibíá air ag cur litreacha chugam le scanradh a chur orm.

clann mhac Árach, sé chéad caoga a dó;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí