Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t‑oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol,
Madaí craosacha iad nach féidir a shásamh, tréadaithe nach dtuigeann dada. Téann siad go léir a mbealach féin, gach aon riamh acu ar lorg a leasa féin.
Ansin dúirt an Tiarna liom: “Tá na fáithe ag tairngreacht bréag i m'ainmse; ní mé a chuir uaim iad, ní mó is mé a d'ordaigh dóibh ná a labhair riamh leo. Físeanna bréige, geasadóireacht, aislingí dá ndéantús féin, sin a thairngríonn siad daoibh.
Is mar seo a deir Tiarna na Slua: Ná héistigí le briathra na bhfáithe úd; is do bhur mealladh atá siad, aithriseann siad físeanna a gcroí féin, agus ní as béal an Tiarna;
Dúirt Irimia fáidh le Hanainiá fáidh: “Éist liom go haireach; a Hanainiá: níor chuir an Tiarna uaidh thú; mar gheall ortsa tá an pobal seo anois ag cur a ndóchais i mbréag.
Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.
De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;
An amhlaidh nach baoth an fhís a chonaic sibh agus nach bréagach an tairngreacht nuair a deir sibh: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; nuair nár labhair mé ar chor ar bith?”
De thoradh breabanna tugann a cinn urra breithiúnas; múineann a sagairt ar thuarastal agus déanann a fáithe fáistine ar airgead geal. Ach mar sin féin cuireann siad a muinín as an Tiarna agus deir siad: “Nach bhfuil an Tiarna inár measc? Ní thiocfaidh aon mhí-ádh orainn.”
Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.
Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.
A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.
ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoráin - anamacha daoine is é sin.