Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t‑oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol,
Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: “Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.”
Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: “Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.” Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.
Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”
Ach d'fhreagair Pól ansin: “Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.”
Agus thoiligh Sól lena dhúnmharú. An lá sin féin thosaigh géarleanúint mhór ar an Eaglais in Iarúsailéim agus scaip siad uile, ach amháin na haspail, ar fud chríocha Iúdáia agus na Samáire.
Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.
Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d'Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?”