Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann - cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós -
Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.
Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d'fhiafraíodar: “Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?”
Ansin chrom Eiliáisíb an t‑ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.
Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n‑iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,