Lean mé orm dá bhrí sin: “Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint?
Ach chrom Iúdá ar ghearán: “Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.”
Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.
Agus anois, thruailligh siad m'ainm naofa i measc na gciníocha cibé áit a ndeachaigh siad, ionas go ndeirtear fúthu: ‘Sin iad pobal an Tiarna, ach tá siad ar deoraíocht óna thír.’
Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.
B'fhearr liom dá bhrí sin go bpósfadh na baintreacha óga agus go dtógfaidís clann agus go mbeidís i mbun tí agus gan aon deis a gcáinte a thabhairt don namhaid.
Bíodh bhur n‑iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.