Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.”
Dúirt a thuilleadh fós acu: “Chaitheamar iasacht airgid a fháil, agus dul i mbannaí chuige sin lenár dtailte agus lenar bhfíonghoirt chun cáin an rí a íoc;
Má tá bochtán láimh leat, duine de do bhráithre in aon bhaile de do chuid sa tír atá an Tiarna á thabhairt duit, ná cruaigh do chroí agus ná dún do dhorn in aghaidh an bhochtáin bhráthar sin agat.