Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Nihimiá 5:16

An Bíobla Naofa 1981

Agus lean mé orm ag obair ar an mballa seo leis i rith an ama, cé nach raibh aon talamh agam; bhí mo shearbhóntaí go léir freisin páirteach san obair.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.

Shuíodh leathchéad fear ag mo bhord, Giúdaigh (agus ceannairí), gan trácht orthu siúd a thagadh chugainn ó na ciníocha máguaird.

Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”

Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.

An mhuintir a mbíonn lorg acu ar ghlóir agus onóir agus marthanacht trí shíorleanúint den dea-obair, tabharfaidh sé dóibh beatha shíoraí;

Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine, bígí daingean dobhogtha dícheallach i mbun ghnó an Tiarna agus a fhios agaibh nach bhfuil bhur saothar in aisce, sa Tiarna.

Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí